← Bhí an-chion ag muintir an bhaile uirthi agus bhíodh sí ag caint leo go minic. 🔊
← Ní raibh aon deireadh leis an ngrá a bhí ag a seanmháthair di. 🔊
← "Agus nuair a théann tú isteach ina teach ná déan dearmad "Dia duit, ar maidin" a rá le do sheanmháthair agus nuair a bheidh tú ag fágáil abair slán léi agus tabhair póg di." 🔊
← Bhí Cochaillín Dearg ag pocléim agus ag cantaireacht léi agus í ag dul isteach sa choill. 🔊
← "Cá bhfuil tú ag dul chomh luath seo ar maidin?" 🔊
← Bhí Cochaillín ar a dícheall ag cur na mbláthanna le chéile. 🔊
← "Ceart go leor," ar sise, agus í ag déanamh grinnstaidéir ar na bláthanna. 🔊
← Ba ghearr gur thosaigh sé ag srannadh agus bhí an gleo a tháinig uaidh chomh hard sin gur chuala fear seilge a bhí ag dul thar bráid é. 🔊
← "Nach ard an gleo sin atá ag teacht ón tseanbhean," ar seisean leis féin, "caithfidh mé dul isteach le féachaint an bhfui sí ceart go leor." 🔊
← Thug sé faoi deara go raibh a bholg ag bogadh. 🔊
← "Tá mé ag rá leat go raibh sé sin scanrúil," ar sise. 🔊
← Tháinig an tseanmháthair amach ansin agus í ag béicíl. 🔊
← Bhí an mactíre ansin fós ag srannadh agus a bholg ar leathadh. 🔊